Teanga An Ghrá/The Language of Love is a celebration of one thousand years of Irish love poems, sean-nós and wonderful music by a supremely talented group of musicians, singers and interpreters of poetry.

Researched and assembled by Tristan Rosenstock, Gabriel Rosenstock and Cathal Quinn, plus the performers
• Síle Denvir – singer and harpist
• Aodán Ó Ceallaigh – singer
• Éamonn Galldubh – Uillean piper, saxophonist, flautist,
• Cathal Quinn – reciter and singer,

Teanga an Ghrá is full of humorous and profound observations on love from an Irish perspective. The show has played Dublin, Connemara and Belfast.

Arena, RTE Radio1, feature on Teanga an Ghrá:
http://www.rte.ie/radio/utils/radioplayer/rteradioweb.html#!rii=9%3A20776872%3A1526%3A08%2D05%2D2015%3A

Reviews: Grá Gaelach san aer Sa léiriú an-éagsúil seo
Bhí Méabh Ní Thuathaláin i láthair ag Teanga an Ghrá: 1,000 Years of Irish Love aréir i mBéal Feirste, seó ilghnéitheach atá á léiriú ag Guthanna Binne Síoraí agus a bheidh ar stáitse arís anocht sa chathair cois cuain don té ar mhaith leis nó léi blaisín den ghrá Gaelach ar oíche fhuar fhliuch!

Míle bliain den ghrá Gaelach taobh istigh de bhreis agus uair an chloig. Más sprioc uaillmhianach é, d’éirigh leis an chliar ildánach eispéireas amharclainne ar leith a chruthú aréir in Ionad Ealaíon an Cresent i ndeisceart Bhéal Feirste. Éagsúil ó aon rud dá bhfaca mé riamh, fiosraíonn an léiriú seo bealaí difriúla chun fórsaí uilechumhachtacha an ghrá a chur in iúl sa traidisiún amhránaíochta, ceoil agus filíochta. Le taispeántais láidre ón bheirt amhránaithe, Síle Denvir as Conamara agus fear na Rinne Aodán Ó Ceallaigh, a thógann áit na gceann feadhna, cuireadh amhráin ghrá Ghaeilge de gach cineál i láthair, fite fuaite le dánta, idir nua agus sean, i nGaeilge, agus i mBéarla le Cathal Quinn. Chuir an t-il-uirliseoir Eamonn Galldubh go mór leis an atmaisféar lena fhuaimrian mealltach beo agus foinn thraidisiúnta a bhaineann leis an ghrá, mar an chéad phíosa leis ‘Is galar cráite an ghrá é’ ó bhailiúchán William Connellan, file Shligigh de chuid na 17ú haoise.

AodánIs é Aodán (thuas) a leanann é, laoch óg a bhfuil a chiall agus a chéadfaí caillte aige agus é ag fulaingt phianta marfacha an ghrá. Mar fhreagra air sin, tarraingíonn cruitire agus amhránaí aoibhinn Chonamara, Síle – a chaitheann gúna mealltach dearg – ar amhráin mhóra an ghrá, ina measc ‘Dónal Óg’, ‘An Seanduine Dóite’ agus ‘A Sheáin Bháin’. D’fhéadfá a rá gurb í teachtaireacht ‘Teanga an Ghrá’ ná nach bhfuil aon leigheas ar an ghrá ach ceol. Sin nó amhráin agus pionta le hAodán Ó Ceallaigh b’fhéidir, fear a chuir mé féin agus an lucht féachana go léir faoi gheasa lena ghlór álainn binn láidir. Léiriú as an ghnáth ar fiú go mór é a fheiceáil.

Is féidir breis eolais faoi ‘Teanga an Ghrá: 1,000 Years of Irish Love’, agus faoi imeachtaí eile Guthanna Binne Síoraí, a fháil anseo. Liam Ó Muirthile, the poet, deemed Teanga an Ghrá ‘an hour of perfection’.