Beannaithe | Blessed

posted in: Uncategorized @ga | 0

Éiríonn bean rialta gafa le heagraíocht atá ag iarraidh bansagairt a chur chun cinn. Tarraingíonn sí a comh-shiúracha isteach sa ghluaiseacht agus leanann siad go doicheallach í, gluaiseacht a bhfuil borradh láidir fúithi. Idir an dá linn, tá easpag ag saothrú an bháis agus cathú air nach ndearna sé a dhóthain chun athruithe institiúideacha a dhéanamh in am. An bhfuilimid ag teannadh le huair na cinniúna? Dráma nua spreagúil le Biddy Jenkinson, duine de mhorfhilí na hÉireann sa 21ú haois.

Deir Tristan Rosenstock, léiritheoir: “Ardaíodh go leor ceisteanna arís faoi ról na mban le linn cuairt a Naofachta, an Pápa Proinsias, ar Éirinn agus thacaigh scata daoine nótáilte leis an moladh go nglacfaí le mná mar shagairt. Tá an saothar seo á fhorbairt le dhá bhliain anuas agus cuirtear na ceisteanna sin os ár gcomhair i bhfoirm dráma.”

Beannaithe/ Blessed is directed by Colm Ó Foghlú, who also composed original music. Cast: Dairíne Ní Dhonnchú, Áine Ní Mhuirí, Bríd Ní Ghruagáin, Cathal Quinn, Cillian O’Dee.

Cór Duibhlinne ladies choir feature in the performance.

 

Beannaithe was supported by Foras na Gaeilge, Unesco Dublin City of Literature, and Dublin City Council.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *