Cuireadh tús le Guthanna Binne Síoraí/ Everlasting Voices sa bhliain 2012. Is iad a bhí laistiar den chompántas Gabriel Rosenstock, file agus aistritheoir (Comhairleoir Ealaíne, Stiúrthóir Feidhmiúcháin) agus Cathal Quinn, stiúrthóir, aisteoir agus traneálaí gutha leis an amharclann Lir (Stiúrthóir Ealaíne).

Cuirimid saothar le mórscríbhneoirí na hÉireann ar stáitse, go háirithe filí, sa dá theanga, chun leas a bhaint as buanna bhunaitheoirí an chompántais agus tiosncadail d’ardchaighdeán a chruthú agus a léiriú; fostaímid ansin ceoltóirí, aisteoirí, amhránaithe agus damhsóirí a bhfuil buanna ar leith acu chun beocht a thabhairt do na tionscadail seo agus gné na siamsaíochta de a fhorbairt.

Gabriel Rosenstock: tá cáil dhomhanda air mar fhile, mar údar agus mar aistritheoir. Is ball d’Aosdána é agus tá an domhan siúlta aige agus é ag freastal ar fhéilte litríochta ar fud na hEorpa agus na hÁise. Scríobhann sé don aos óg chomh maith agus scéalta leis as an leabhar Óró na Circíní á léamh ag daltaí atá ag ullmhú don Teastas Sóisearach. Saothar leis i ndíolamaí cáiliúla ar nós Best European Fiction 2012 (Dalkey Archive Press) agus Haiku in English: The First Hundred Years (W. W. Norton & Co. 2013).                                                                                                        

Cathal Quinn:Tá Cathal ina Cheannasaí ar Thraenáil Gutha sa Lir, Coláiste na Tríonóide. Aisteoir aitheanta agus stiúrthóir drámaí é. Chaith sé tréimhse ag obair le hAmhaclann an Gheata agus baint aige le breis is fiche léiriú ann. Páirt aige i roinnt mhaith scannán chomh maith, ina measc Albert Nobbs, Eden, Love/Hate. Is é Stiúrthóir Ealaíne an chompántais Mouth on Fire chomh maith é, dream a chuireann saothar le Becket ar fáil i mBéarla, i nGaeilge agus i bhFraincis. Oileadh le Conservatoire Ríoga na hAlban é agus e páirteach i ndrámaí de chuid Shakespeare sa Ghearmáin agus san Ísiltír agus drámaí de chuid Pinter sa Danmhairg agus sa tSualainn. Thug sé a léiriú féin Adonais – Keats in Limbo  go Toronto, Dún Éideann, Londain agus Cathair Pheadair. Páirt aige i ndrámaí raidió le haghaidh BBC Radio 4 agus Radio Kerry agus stáitsíodh dráma leis faoi Maud Gonne, Yeats Besotted, in Bewleys sa bhliain 2017.

Tristan Rosenstock: Tristan a bhí ina stiúrthoir ar gach leiriú de chuid Guthanna Binne Síoraí/ Everlasting Voices go dtí seo. Is craoltóir é a bhfuil na céadta cláir theilifíse agus raidió curtha i láthair aige ina measc clár ómóis do Seamus Heaney a bhuaigh gradam IFTA agus clár ar an mBeachánach a bhuaigh gradam PPI. Is ball den ghrúpa Téada é, grúpa a bhíonn ar camchuairt i gcéin go rialta. Léirigh sé an dlúthdhiosca comórtha Fuil ar an Rós/ Blood on the Rose, Poems of 1916. Tá sé ina Eagarthóir Liteartha ar an míosachán Comhar.